Tionscadal Líonra Dea-Chleachtais is ea APEnet (Tairseach Chartlanna na hEorpa) a fhaigheann tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach faoin gclár eContentplus. An cuspóir atá leis ná tairseach idirlín a sholáthar ar a mbeidh teacht ar cháipéisí agus ar chartlanna na hEorpa agus ina mbeidh pointe amháin rochtana ann le teacht ar thuairiscí agus ar chnuasaigh dhigiteacha seacht chartlann náisiúnta déag san Eoraip. Déanfar an obair seo i gcomhar leis an tionscnamh Europeana.
Tá sé i gceist go gcuirfeadh an láithréan Gréasáin seo ar an eolas tú maidir le forbairt an tionscadail.
Roinn do chuid aiseolais agus do chuid tuairimí linn ar an láithreán Gréasáin tríd an bhfoirm Teagmhála.















